134
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá blianta fada caite ag an Chorcaíoch John Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí proifisiúnta, rud nach bhfuil furasta in Éirinn. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol sa cheol agus faoina albam nua, atá díreach tagtha amach.
»»»Chaith Mary Beth Taylor tréimhse ag obair an mhí seo caite i gceantar an-bhocht sna Sléibhte Apaláiseacha, ceantar atá deighilte amach ón saol mór.
»»»Is as Toulouse i ndeisceart na Fraince í AnneMarie Uí Chonaill agus tá spéis aici sa Ghaeilge le fiche bliain anuas. Míníonn sí anseo cén fáth ar fhoghlaim sí an teanga agus cén chaoi a bhfanann sí i dteagmháil léi ó lá go lá.
»»»Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.
»»»Iar-phríomhoide meánscoile, duine de Chúigear Ros Dumhach agus fonnadóir agus ceoltóir é Mícheál Ó Seighin. Tháinig sé ar an saol i gContae Luimnigh ach tá a shaol oibre caite aige i gceann de sheoda áille rúnda na tíre seo, in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige le gnaithí na tíre a spíonadh in éineacht leis ina theach os cionn na farraige idir céibh na Rinne Ruaidhe agus Sruth Fada Con. Nocht Mícheál a thuairim ar an iliomad rudaí sa taobh tíre álainn sin, ina measc ar Pat ‘the Chief’ O Donnell atá anois ar an leaba chláir sa gCaisleán Riabhach, ar an mBord Pleanála, ar an iriseoir Paul Williams, an Betelgeuse a pléasc i gCuan Bheanntraí, ar Lloyds Marine, ar Acht Airgeadais 1992, Ray Burke agus Bobby Molloy agus ar airgead na Gaeltachta a bheith dá roinnt ar Bhéal an Mhuirthead.
»»»Tugann Balor Béimeann na Súile Nimhe a chomhairle saor in aisce a thaisce: tú féin a choimhéad ar gach baois, léigh a chuid alt le gach gaois agus guíonn gach Bean Nocht na hathbhliana ort.
»»»Cíorann Tony Birtill cúlra gaelach fear de na Ciaróga, Paul Mc Cartney, san alt seo.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Ciarán Hegarty, Aonad na Gaeilge, an BBC (Béal Feirste).
»»»Shonraigh John-Paul Mc Carthy tagairtí ar leith sna haithisc a thug an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn le linn a chuairte ar Mheiriceá le déanaí.
»»»Nuair a thug Éamonn Ó Dónaill aghaidh ar Portland, Oregon an mhí seo caite chun freastal ar an chéad Lá Gaeilge sa taobh sin tíre bhí sé ag súil go mbeadh b’fhéidir scór i láthair, ach mheall an t-imeacht i bhfad ní ba mhó ná sin.
»»»Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.
»»»Chomh maith le hobair na hacadúlachta i SAM, bhí Brian Ó Broin ag faire go géar ar scéal uisce faoi thalamh ghníomhairí Putin sa chomharsain aige féin. Muintir Uí Mhurchú Gúrdheiv, nár leáigh an t-im ina mbéal riamh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.