133
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ba cheart amharc go géar ar an chonradh shóisialta agus an chothroime a chur san áit a bhfuil sé ar iarraidh ann faoi láthair. Leis an chonradh shóisialta a chothromú, caithfidh polaiteoirí na tíre gearradh siar ar a gcuid costais sula ngearrfar seirbhísí atá riachtanach do dhaoine leochailleacha dar le Breandán Delap....
»»»Ba thábhachtach gné shóisialta Chomórtas Peile na Gaeltachta na blianta siar agus tá súil ag Colm Mac Séalaigh gur amhlaidh atá an scéal i gcónaí.
»»»Cíorann Colm Mac Séalaigh gné thiochar an spóirt ar an saol mhór lasmuigh de chúrsaí spóirt. Léirigh mhórlaochra gorma an chéad seo caite, ó Jack Johnson go Muhammad Ali agus eile an tionchar sin.
»»»Theip ar Bhreandán de Gallaí tae ceart a fháil agus é i Nürnberg na Gearmáine agus ní go rómhaith a d’éirigh lena chuid iarrachtaí léargas a fháil ar stair na cathrach sin ach oiread.
»»»Leagadh PJ Mac Gabhann dá rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste. Tá sé ag brath rothar nua a cheannach dó féin. Beidh chuile chathair ag éirí níos báúla feasta lena lucht rothaíochta, cathracha na hÉireann mar a chéile.
»»»Scaoil Cú Chulainn, Cosantóir na Teorann, rún le Balor le gairid a chuir iontas an domhain air.
»»»Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus béigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
»»»Míníonn Diarmaid Mac Mathúna na buntáistí móra a bhaineann le blaganna.
»»»Bíonn féile ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh gach bliain ag tús mhí na Nollag i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin, an t-amhránaí agus an craoltóir a cailleadh go tragóideach deich mbliana ó shin. Tá Antaine Ó Faracháin i measc na ndaoine a thugann a aghaidh ó dheas don cheol agus don spraoi.
»»»Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
»»»Cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist: an mbeidh Barack Obama in ann beart a dhéanamh do réir a bhriathair, nó an dteipfidh air, mar a theip ar John F. Kennedy roimhe?
»»»Tá an saol ag athrú agus beidh cúrsaí oideachais ag athrú amach anseo sa taobh ó thuaidh, ach tchítear do Robert McMillen gur go malltriallach a tharlóidh sé sin i dtuaisceart Éireann.
»»»Chuir seachtain a chaith Tony Birtill ag dreapadh san Iorua an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an chontúirt a bhaineann leis an chaitheamh aimsire sin.
»»»Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal [i]Why Can’t I Speak[/i] scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi. San alt seo, míníonn Nollaig Ó Néill, páirtí Barbara, cén fáth ar theastaigh uaithi an leabhar a scríobh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.