97
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Áirítear Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge le céad bliain anuas. Thug Aoife Nic Cormaic cuairt uirthi ina teach cónaithe i mBinn Éadair i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le déanaí agus labhair léi faoina saol mar fhile agus mar bhean chéile an pholaiteora agus an scríbhneora chonspóidigh, Conor Cruise O’Brien.
»»»Fliúiteadóir agus píobaire é Seán Ryan as Chicago. Tháinig sé go hÉirinn áit ar thit sé i ngrá le fidléir cumasach as Contae Dhoire darb ainm Clodagh Boylan. Níorbh fhada gur sciob sé leis í anonn go dtí an chathair ghaofar. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin ngrá agus faoin gceol.
»»»Amharcann Breandán Delap ar an dóchúlacht pholaitiúil go gcuirfí beartas Fhine Gael i gcoinne éigeantas na Gaeilge san Ardteist i bhfeidhm.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Niall Mac Eachmharcaigh ar Rann na Feirste i dTír Chonaill.
»»»Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors. Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
»»»Conspóid eile faoi ghnóthaí aistriúcháin, ach ní in Éirinn an iarraidh seo atá sé. Tá scéala ag Rory Francis as Blaenau Ffestiniog ar a bhfuil ag titim amach faoi láthair i dTionól na Breataine Bige.
»»»Tá baint ag Tony Birtill le hócaid a bheidh ar siúl i bhFrongoch na Breataine Bige ag deireadh na míosa seo nuair a nochtfar leacht i gcuimhne ar na príosúnaigh Éireannacha a chaith seal ansin roimh bhunú Shaorstát na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos aige ar stair roinnt de na daoine a bhí faoi ghlas ansin.
»»»Tá ‘fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth’ feicthe ag Breandán de Gallaí anois. Bhuail Breandán tríd an teora aoise sin a thug a fhad le tríú line an rainn, ‘fiche bliain ag cromadh (is fiche bliain ag dul ar lár)’. Is atús é aois áirithe a scoitheadh agus tá buntáiste go leor ag baint leis, dar leis.
»»»Sular scaoileadh le slua NICRA i nDoire, bhí corraí ar dhaoine go leor mar gheall ar an Imtheorannú gan Triail a cuireadh i bhfeidhm sna Sé Chontae mí Lúnasa 1971, mar is maith is cuimhin le Tony Birtill.
»»»Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh. Ach an bhfuil Collins féin ag teacht i dtír orthu chomh maith, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ. Níl sí díomhaoin, áfach, mar a fuair Ailín Ní Chonchúir amach nuair a thug sí cuairt uirthi le déanaí.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: péinteáil tí
»»»D’fhreastail Robert McMillen ar léacht a thug an staraí John Gray ar na mallaibh agus is léir dó, go fiú má d’athraigh an saol féin ón bhun aníos idir an dá linn, nár athraigh scéal géarchéimeanna geilleagair ina mbunghnéithe ó Bhoilgeog na Mara Theas sa bhliain 1720 go dtí an lá inniu.
»»»Tá spreagadh iontach tugtha ag Luimneach, Áth Cliath, Uíbh Fhaillí agus Laois do chraobhchomórtas iomána na bliana seo ach níl féilire na hiomána sásúil mar atá dar le Colm Mac Séalaigh
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.