153
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Labhair Tom Deignan le scoláire as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil taighde suimiúil ar bun aige i measc na nGael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac.
»»»Chuir sé neart iontais ar Bhalor nuair a thosaigh ceannaire an DUP ag labhairt Gaeilge leis le gairid.
»»»Chaith Colm Mac Séalaigh súil siar is aniar trí scéal an tsnúcair. Tugann sé cur síos dúinn san alt seo ar roinnt de na daoine spéisiúla, murar Hustlers iad ar nós charachtair Paul Newman, a chaolaigh isteach is amach as seomraí dorcha na sólann snúcair i dtíortha éagsúla ó thús an chéid seo caite.
»»»Bhuail Alan Desmond le Miss Cork 2009, an mainicín Étaoin Ní Ailpín, bean óg den mhuintir chéanna a bhfuil a n-ainm in airde ar dhá thaobh na cruinne cheana féin ó thaobh cúrsaí caide de gach cineál agus ó thaobh na hiomána de. Cá bhfios nach mar dheartháireacha d’Étaoin Ní Ailpín a bheidh aithne amach anseo ar Sheán Óg, Setanta, Aisake Faga ar Theu Ó hAilpín.
»»»Ceoltóir cumasach ar an gcansairtín é Aogán Lynch ón ngrúpa Slide agus fear atá in ann corramhrán a chasadh freisin. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte leis.
»»»Measann Balor go mbeidh sé dian ar na Gardaí a bheas ina gcúlchoimhéadaithe sna tithe tábhairne fanacht gan aithint.
»»»Baineann crá croí le bheith ag seoladh téacsanna Gaeilge, ach tá leigheas faighte ar an scéal anois, a bhuíochas sin ar ghuthán nua de chuid an chomhlachta Samsung. Cúlra an scéil ó Dhiarmuid Mac Mathúna.
»»»Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.
»»»Tá méadú tagtha le roinnt míonna anuas ar líon na n-ionsaithe ar Chaitlicigh sna Sé Chontae. Tá ceangal idir seo, dar le Robert McMillen, agus an UUP a bheith in ísle brí.
»»»Is leasc le Balor tagairt d’eagarthóireacht na liarlóige seo, ach an té a bhfuil cluas air, éisteadh sé, má tá súil ina bhlaosc, léadh sé agus an té a bhfuil poll ar a chúl, dingeadh sé
»»»‘déan obair nó lig dó, ... má shaothraíonn an bhean an dollar ann, bíonn an fear amuigh á ól.’ Is iomaí bean sa lá inniu féin nach mbíonn de rogha aici ligean den obair, mar a fuair Alan Desmond amach.
»»»Mhínigh an péintéir Eamonn McAteer as Doire do Chiara Nic Gabhann cad é an cuspóir a bhíonn aige agus é ag dul i mbun na péintéireachta.
»»»Anseo thíos, tá roinnt dánta le Gabriel Rosenstock. Seo an méid atá le rá ag an bhfile féin mar gheall orthu:
»»»Thiocfadh le hÉirinn a bheith ina ceannródaí cruinne i dteicneolaíocht agus i ndéantúsaíocht úrnua achar gairid blianta nó mar sin, dar le Tomás Ó hAodha. Caithfear luí isteach anois i gceart ar an taighde agus an bonneagar cuí a chruthú chuige sin lenár ndeis a thapú.
»»»Theip ar Rialtas Harold Wilson (1964-1970) an deis a thapú chun Trioblóidí Thuaisceart Éireann a sheachaint, dúirt an Dr Kevin McNamara i léacht i Learpholl ar na mallaibh. Bhí Tony Birtill i láthair.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.