142
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá cónaí ar Panu Petteri Höglund in iardheisceart na Fionlainne agus tá ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa chéad chuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann sé cur síos, i measc rudaí eile, ar a chúlra, an chaoi ar spreagadh a shuim sa Ghaeilge agus an tslí ar fhoghlaim sé an teanga.
»»»Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).
»»»Tugann na sparánachtaí a chuireann an eagraíocht Colmcille ar fáil gach bliain deis iontach do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann teacht isteach ar Ghàidhlig na hAlban, mar a mhíníonn Deirdre Daly.
»»»Má shíleann tú gur domhan mór dána atá amuigh ansin, cá bhfios nach bhfuil an ceart agat?! Tá contúirtí móra i saol na teicneolaíochta aitheanta faoi am seo mar is eol do Roseanne Smith.
»»»D’fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, Edwin Poots, ar na mallaibh nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm sa Tuaisceart. Mar thoradh ar an chinneadh seo, tá pionós á ghearradh ar gach Gaeilgeoir sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen.
»»»Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil taighde as úire agus foilsiú i réimsí den léann acadúil ag oscailt súile daoine san Astráil i leith sochaí an mhuintir dhúchais thar mar a tuigeadh a scéal le cúpla glúin anuas.
»»»Nuair a bhí Liz Curtis ar saoire i gContae Mhaigh Eo an samhradh seo chas sí, i measc daoine eile, le beirt atá ag déanamh a ndíchill chun a chinntiú nach gcaillfear logainmneacha Gaeilge iarthuaisceart an chontae.
»»»Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. Mhínigh sé do Shinéad Ní Ghuidhir cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin leis an bhféile.
»»»Cérbh í an bhean a raibh a pictiúr ar shlabhra faoi mhuinéal an Choileánaigh 22 Lúnasa 1922? Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc ar shaothar a fhir, Sir John Lavery.
»»»D’fhreastail Liz Curtis ar chruinniú i mBéal Feirste faoin chiníochas an mhí seo caite agus ghoill an méid a chuala sí ansin faoin fhadhb go mór uirthi.
»»»I dtrátha an ama seo anuraidh bhí pictiúir le feiceáil ar scáileáin theilifíse ar fud an domhain de chailíní Scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste á maslú go fíochmhar ag léirsitheoirí dílseacha agus iad ar a mbealach ar scoil. Tá ráflaí ag dul timpeall arís, a deir Robert McMillen, go gcuirfear tús leis na léirsithe seo in athuair.
»»»Má bhíonn siad ag faire orainn, ní miste súil a chaitheamh ar ais orthu. Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.
»»»Bhí Liz Curtis buíoch gur míníodh di roimh ré go bhfuil cuid de na héin ar Oileáin Farne in iarthuaisceart Shasana an-fhraochta ar fad!
»»»Ní scéal ruin é nuair a bhíonn a fhios ag Wikileaks! Chaith Tomás Ó hAodha súil ar scéal Julian Assange, fear atá diongbháilte ina chuid prionsabal agus fear a bhfuil líomhaintí tromchúiseacha curtha ina choinne sa tSualainn.
»»»Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.