183
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá moladh mór faighte ag an fhile Gearóid Mac Lochlainn ó scríbhneoirí mar Nuala Ní Dhomhnaill agus gradaim bainte aige in Éirinn agus thar lear. Labhair sé le Róisín Armstrong faoi na rudaí a spreagann é le dul i mbun pinn agus faoi ról an fhile sa saol comhaimseartha.
»»»Tá An Leabhar Mòr/The Great Book of Gaelic ar díol sna siopaí anois le tamall anuas agus tá taispeántas na saothar atá sa leabhar ar camchuairt timpeall an domhain faoi láthair. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar an saothar le gairid.
»»»Ná bí ag caint ar Film Fleá na Gaillimhe ná ar Ghuth Gafa na gConallach ná ar a dhath mar iad. Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
»»»Is í Bernadette Nic Gabhann Rós Fodhla na bliana seo. Fidléir agus damhsóir den scoth í agus bean a bhfuil meas aici ar a cultúr dúchais féin. Ambasadóir álainn ar son na nGael í, dar le hAntaine Ó Faracháin, a chuaigh chun cainte léi le déanaí.
»»»I mbun na hIRISeoireachta agus i modh agallaimh le Circín Mac Cam Luí a chuaigh Balor le hábhar a ailt a thiomsú an mhí seo.
»»»Scoil cheoil thraidisiúnta a reáchtáiltear do dhéagóirí Chonamara aimsir na Cásca atá i gceist le Cumar. Bíonn an scoil ar siúl go bliantúil ó Luan Cásca go dtí an Satharn dár gcionn. I mbliana beidh Cumar ar siúl ón 1 - 6 Aibreán agus is i gCeantar na nOileán a bheas an scoil lonnaithe, thart ar an Trá Bháin agus Tír an Fhia. Le fáil amach go díreach cad atá pleanáilte ag Cumar i mbliana, chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Neansaí Ní Choisdealbha, duine de stiúrthóirí na féile.
»»»Is ealaíontóir é David Cerný a bhain siar mór as daoine i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach le dealbh a chroch sé sa Bhruiséil. Chaith Ciara Nic Gabhann tamall á mheas leis an alt seo a scríobh faoi. Ar nós Bricrenn i seanlitríocht na Gaeilge, is cosúil gur thig le Cerný daoine go leor a chur i gcoinne a chéile.
»»»Gné a léiríonn a thapúla is atá an saol ag athrú, is ea na clódóirí 3D atá ar fáil lenár linn. Bhí Roseanne Smith ag breathnú isteach sa scéal.
»»»Is coisíocht ar leith í coisíocht i gcomórtas ar nós rás an tsiúil. Is é spórt an tsiúil ceann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»I rith an tsamhraidh, thug Liz Curtis cuairt ar láithreáin shuimiúla i gContae an Dúin a bhain le réanna éagsúla, ón Chré-Umhaois ar aghaidh.
»»»Beidh sé roinnt blianta sula bhfeicfidh an foclóir nua Béarla - Gaeilge solas an lae. Measann Brian Ó Broin gur cheart tabhairt faoi obair eile idir an dá linn le déanamh cinnte go bhfuiltear ag freastal ar lucht léite agus scríofa na Gaeilge.
»»»Thóg sé blianta fada ar pholaiteoirí poblachtánacha na Sé Chontae a thuiscint go raibh buntáiste ó thaobh vótaí de ag baint le droim láimhe a thabhairt don fhoréigean; tuigeann Sinn Féin é sin go maith sa lá atá inniu ann, áfach, a deir Robert McMillen, agus rachaidh sé go mór chun sochair dóibh sna blianta atá amach romhainn, ar an dá thaobh den teorainn.
»»»Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Amharclann an Gheata mar gheall ar an obair chruthaitheach agus cheannródaíoch atá curtha i gcrích acu siúd a bhí agus atá ina bun. Tugann an t-aisteoir agus stiúrthóir Alan Stanford cur síos dúinn faoi stair agus faoi [i]ethos[/i] na hamharclainne speisialta seo.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Eilvéiseach Diego Fasciati faoina chuid oibre le roinnt blianta anuas leis an Chomhairle Ealaíon agus an dúshlán atá roimhe mar léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.