154
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá saothair ealaíne á n-ionsaí le tamall anuas de bharr go bhfuil siad graosta, dar le daoine áirithe. Ní nós nua ar bith é seo, áfach, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann ar stair Dhuais Turner agus tugann sí cur síos ar chuid de na healaíontóirí agus de na saothair atá san iomaíocht don duais i mbliana.
»»»Tá Ellen van Vossen agus Oliver Wagemann as an Ollainn an-tógtha le hÉirinn agus, mar sin, chinn siad ar mhí a chaitheamh ag rothaíocht timpeall iarthuaisceart na tíre sa samhradh i mbliana. Tá cur síos anseo acu ar chuid de na nithe a chonaic siad.
»»»Sa tuairisc eisiach seo, insíonn Balor dúirt faoin dílárú atá i ndán do na heagraíochtaí Gaeilge.
»»»Cad is brí le hathneartú teanga nuair nach bhfuil ach cúigear cainteoirí, nó níos lú, fágtha ag do theanga? Sin í an cheist a chuir John Walsh air féin sular bhuail sé le Leanne Hinton, Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Berkeley i gCalifornia, bean atá ag plé le teangacha sa cheantar ar nós Karuk, Kawaiisu agus Yurok. An bhfuil ceacht le foghlaim ag cuid againn ón mbean seo? Deirtear go múineann gá seift agus chuir Leanne Hinton tús le seifteanna athghabhála teangacha, an Master Apprentice Program ina measc, do theangacha bundúchais i gCalifornia a bhfuil rath orthu anois.
»»»D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.
»»»Chaith Liz Curtis ceithre oíche i bPrág i bPoblacht na Seice le gairid agus thaitin an chathair go mór léi.
»»»Is folláinde sinn Balor, Ar Son na Cúise agus Seáinín Smaoiseach. Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí den bharúil go bhfuil easpa grinn ar an saol gaelach.
»»»Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de ‘Sé Dhán’ le Ryókan ar fáil dúinn thíos. Beidh sé le fáil in imleabhar 3 den díolaim ‘Guthanna Beannaithe an Domhain’ a fhoilseofar an bhliain seo chugainn.
»»»Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag freastal ar choláiste samhraidh.
»»»Tá imní ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an diantraenáil agus an líon mór cluichí ag déanamh dochair do na himreoirí is fearr peile agus iománaíochta.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceannach bronntanas Nollag do pháistí.
»»»Lainseáladh Muzu.tv, ar suíomh nua dáilte ceoil é, le gairid. Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.
»»»Tá slite éagsúla ann chun teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a fháil. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le fear siúlach a bhaineann úsáid as an ríomhphost go minic, an craoltóir Manchán Magan, faoin gcóras a úsáideann seisean.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.