162
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá albam nua díreach eisithe ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin agus tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar shaothar mór faoi amhráin Ghaeilge agus Bhéarla Chúige Uladh. Labhair sí le hÚna Nic Gabhann faoin obair atá idir lámha aici.
»»»Bhuail Robert McMillen le Róisín Ní Eadhra, an láithreoir teilifíse a bhfuil sraith úr darb ainm ‘Róisín’ tosaithe aici ar TG4 an mhí seo caite.
»»»Tá siopa ceoil McNeill’s i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag freastal ar cheoltóirí traidisiúnta na cathrach agus na tíre le fada. Sasanach darb ainm Steve Chambers atá ina bhun le tamall beag de bhlianta anuas. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte leis féachaint cén chaoi a bhfuil cúrsaí i ngnó an cheoil na laethanta seo.
»»»Mhaígh turasóir Gearmánach i mí Feabhra go bhfaca sé an tíogar Tasmánach, ainmhí a d’imigh in éag beagnach seachtó bliain ó shin. Ní seo an chéad uair a tharla a leithéid, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Bhí eagarthóir Beo Ar Éigean ar barr creatha le gairid mar gur chuir mé féin, mise Balor Béimeann, faoi Agallamh é. Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!
»»»Tá níos mó eolais le fáil faoi shaothar Phádraigín Ní Uallacháin ag: www.padraiginniuallachain.com
»»»Litir oscailte atá seolta ag ár gcolúnaí Donncha Ó hÉallaithe chuig ceannaire Fhine Gael,Enda Kenny T.D. Léiríonn sé a imní sa litir faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag plean Fhine Gael, deireadh a chur le éigeantas na Gaeilge san Ardteist, cé go ndeir sé go n-aontaíonn sé leis an bpolasaí i bprionsabal!
»»»Míníonn Balor an méid a thit amach agus é i siopa Ann Summers le gairid.
»»»Caitheann Mícheál Ó hAodha súil sa chéad cheann seo de dhá alt, ar shaol nár bhlaiseamarna de mar dhílseánaigh socraithe, saol atá ag athrú as éadan, saol an Lucht Siúil.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dorothee Uí Cheallaigh, Ionad Foghlama Chléire, Oileán Chléire, Contae Chorcaí.
»»»Déanaigí dearmad ar Beyoncé - tá damhsa ar an sean-nós ar an damhsa is mealltaí dá bhfuil ann, dar le Breandán de Gallaí.
»»»Is iomaí cor i saol na polaitíochta. Bhí Julia Gillard thuas seal thíos seal mar Phríomh-Aire na hAstráile agus bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an scéal.
»»»Ní mhairfidh an cló go deo a deir Ciarán Mac Aonghusa. Is buan an inscríbhinn ar an leic, ach ní buan ar an nuachtán, is léir, más leideadh ar bith a bhfuil tite amach sna Stáit Aontaithe. Tá an ciorrú ag teacht i bhfeidhm abhus. Chaithfeadh sé teacht. Níl gnó na fógraíochta ann mar a bhíodh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le cúram linbh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.